Fís d'Éirinn
Uachtarán na nDaoine
Is í fís Mháirtín Éirinn níos fearr agus níos féaráilte, áit a mbeidh pobal agus sochaí níos tábhachtaigh ná rathúnas eacnamaíoch.
Má thoghtar é mar Uachtarán ní ghlacfaidh sé ach an meán phá agus cuirfidh sé an chuid eile isteach i gCiste an Uachtaráin chun cuidiú le carthanacht.
Bainfidh sé úsáid as an Uachtaránacht chun aitheantas a thabhairt do pháirteachas saoránach, ina measc, iad siúd a bhfuil a gcuid oibre ina gcuid pobail riachtanach chun sochaí láidir sláintiúil a chothú.
Dhéanfaidh Máirtín Áras an Uachtaráin fáilteach do gach roinn de shochaí na hÉireann, go háirithe iad siúd a bhí imeallaithe go dtí seo.
Beidh Máirtín ina Uachtarán ag iomlán, diaspóra na hÉireann san áireamh.
Aontacht na hÉireann
Bainfidh Máirtín úsáid as oifig na hUachtaránachta chun daoine as an Tuaisceart agus an Deisceart a thabhairt le chéile, ag tógáil dúshraith do Aontacht na hÉireann.
Leanfaidh sé ar aghaidh ag síneadh amach chuig Aontachtaithe agus ag taispeáint dóibh go mbeidh áit thábhachtach acu in Éirinn Aontaithe.
Níl cead ag saoránaigh Éireannacha sa Tuaisceart vótáil sa toghchán seo. Caithfidh seo athrú.
Neamhspleáchas agus Ceannasacht
Beidh Máirtín ina Uachtarán a sheasfaidh suas d’Éirinn agus do cheannasacht na hÉireann.
Agus muid ag druidim le comóradh céad bliain Éirí Amach 1916 tá sé tráthúil Uachtarán a bheith againn a chreideann i sáinchumas mhuintir na hÉireann ár ngnóthaí féin a bhainistiú, chan an CAI (IMF) nó an tAE.
Tabharfaidh sé guth do sheasamh láidir, neamhspleách Éireannach agus é ag déanamh ionadaíocht ar ár dtír thar lear.
Guth láidir Idirnáisiúnta
Tá aithne idirnáisiúnta ar Mháirtín as a chuid síochánaíochta, chuidigh sé go gníomhach sa tóraíocht ar shíochán in áiteanna eile ar fud an domhain ina raibh coinbhleacht, Iraq, Tír na mBascach agus Sri Lanka ina measc.
Mar Leas-Chéad Aire tá infheistíochtaí móra eacnamaíoch tarraingthe aige ar an Tuaisceart.
Tá cairdeas pearsanta maith ag Máirtín le pearsana sinsearacha polaitiúla sa Bhreatain, sna Stáit Aontaithe, san Aifric Theas agus níos faide ó bhaile.




