Faoi Martin

 

Turas Pholaitiúil Mháirtín

Poblachtach Dhoire

Thosaigh turas pholaitiúil Mháirtín ar shráideanna Dhoire i ndeireadh na 1960oidí nuair a ghlac sé páirt sna mórshiúlta ar son Cearta Sibhialta. Chuaigh sé le hÓglaigh na hÉireann sna 1970oidí. Bhí sé i láthair ag Domhnach na Fola nuair a dhúnmharaigh Airm na Breataine 14 dá chómhuintir Dhoire.

Idirbheartaí Síocháin

I ndeireadh na 80oidí agus i dtús na 90oidí d’oibir Máirtín i gcuideachta John Hume, Albert Reynolds, Gerry Adams agus daoine eile chun sos comhraic an IRA a thabhairt chun cinn agus Próiseas na Síochána a thógáil. Toghadh é chun idirbheartaíocht na síochána i 1996 agus ceapadh é mar phríomh idirbheartaí Shinn Féin sna cainteanna as a dtáinig Comhaontú Aoine Chéasta.

Aire Oideachais

Rinneadh Aire Oideachais de Mháirtín i 1999 agus chuir sé comhionannas iomlán páistí mar chroílár ina pholasaí oideachais. Rinne sé cineadh ceannródaíoch deireadh a chuir leis an chóras deighilteach a bhí ag déanamh leithscaradh acadúil ar pháistí, an ’11 plus’ agus chuir sé oideachas trí mheán na Ghaeilge agus comhtháite chun cinn. Mar Aire thug sé tosaíocht do agus mhéadaigh sé maoiniú do pháistí le riachtanaisí speisialta agus do dhaoine as pobail a bhí faoi mhíbhuntaiste shoisialta. Chuir sé méadú suntasach le clár tógála scoile sa Tuaisceart.

Leas-Chéad Aire

I 2007 rinneadh Leas-Chéad Aire an Tuaiscirt de Mháirtín i gcuideachta Ian Paisley, feidhmeannas atá aige faoi láthair taobh le ceannaire nua an DUP, Peter Robinson. Is é an cuir chuige atá aige san Fheidhmeannas agus ar an Chomhairle Aireachta Thuaidh / Theas ná páirtíocht, comhionannas agus cuimsiú. Tá sé léirithe aige gur féidir le polaitíocht oibriú agus go n-oibríonn sé d’iomlán in ár sochaí.


Máirtín Mac Aonghusa

Tá tionchar mhór ag Máirtín Mac Aonghusa ar pholaitíocht na hÉireann le blianta agus bhí sé ina phearsa ríthábhachtach i bhforbairt agus i gcothú Phróiseas na Síochána. Tá grá domhain aige d’Éirinn agus tá fís aige den treo a gcaithfidh Éirinn a dhul mar náisiún.

Mar Leas-Chéad Aire sa Tuaisceart, tá ceanasaíocht léirithe ag Máirtín ag obair taobh le taobh agus go rathúil le le ionadaithe Aontachtacha. Thiomnaigh sé é féin do athmhuintearas náisiúnta fíreanta agus do aontacht ár ndaoine.

Tá cáil mhaith idirnáisiúnta air as a chuid síochánaíochta agus chuidigh sé go gníomhach ar lorg síochána in áiteanna eile ina raibh coinbhleacht.

Mar Leas-Chéad Aire tá ionadaíocht déanta aige ar pháirt d’Éirinn go hidirnáisiúnta, ag cothú muintearas idirnáisiúnta le cois infheistíocht mhóra eacnamaíoch a tharraingt chun an Tuaiscirt.

Beidh ar an chead Uachtarán eile ceannasaíocht a thabhairt do mhuintir na hÉireann trí cheann de na tréimhsí is deacra in ár stair. Treoróidh an tUachtarán náisiún na hÉireann agus muid ag comóradh céad bliain Éirí Amach 1916 agus an plé ar thodhchaí ár dtíre.

Mar Uachtarán na hÉireann oibreoidh Máirtín Mac Aonghusa i dtreo athaontú na hÉireann. Beidh sé ina Uachtarán d’iomlán na ndaoine.

Martin with President Obama
Martin McGuinness
Martin McGuinness and Nelson Mandela
Martin McGuinness